Fuair Lorcan O'Reilly, 21 bás i ndiaidh gur sáthadh é agus é ag iarraidh troid a stop moch maidin an 1ú Samhain 2015 i mbloc arasáin Oliver Bond i lár-dheisceart Bhaile Átha Cliath.
Gabhadh an déagóir inné agus ceistíodh ag Stáisiún Shráid Chaoimhín é. Cúisíodh ar maidin é agus táthar ag súil len a thabhairt os comhair Chúirt na Leanaí ar maidin.