D'éiligh SIPTU go n-éireodh cathaoirleach an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, kieran Mulvey as oifig á rá go raibh sé claonta in aghaidh an cheardchumainn agus nach bhféadfadh sé bheith ina idirghabhálaí macánta dá bharr.

Dúirt Mulvey nach dtuigeann sé cúis leanúna an aighnis agus dúirt go mbfhéidir go gcaithfí feachaint ar sheirbhís Luas 5 lá. Chuir Jack O'Connor go mór in aghaidh Mulvey bheith ag cur a ladhar sa scéal.

Dhiúltaigh móramh mór oibrithe do mholtaí páidh agus táirgíochta a bhí aontaithe ag an WRC agus bainistíocht na seirbhíse Luas, Transdev agus lean le stailc dhá lá ar Dhomhnach agus Luan Casca tráth a raibh níos mó ná milliún cuairteoirí i mBaile Átha Cliath do chomóradh céid Éirí Amach na Cásca.