skip to main content

Táthar ag súil go mbeidh teacht ar thuairisc faoi chostas agus tairbhe Aonad Eigeandála nua na Gaillimhe an tseachtain seo chugain

Tuairisc an tseachtain seo chugainn le ainilís ar chostas/tairbhe Aonad Éigeandála nua do Ghaillimh
Tuairisc an tseachtain seo chugainn le ainilís ar chostas/tairbhe Aonad Éigeandála nua do Ghaillimh

Tá súil go mbeidh fáil roimh dheireadh na seachtaine seo chugainn ar an anailís atá déanta faoin gcostas agus an tairbhe a bheadh le Aonad nua Éigeandála a thógáil ag Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe.

Déanadh scrúdú ar na riachtainais éagsúla a bheadh ann, maoiniú ina measc, le aonad nua éigeandála a thógáil ag ospidéal na Gaillmhe mar chuid den anailís seo, agus tá bail chríoch á cur uirthi faoi láthair.

Deirtear má bhíonn an méid a bheas inti fábhach go mbeidhfear in ann dearadh nua a dhéanamh ar ionad nua éigeandála níos deirní an bhliain seo.

Dheimhnigh an tAire Sláinte Leo Varadkar don Teachta Dála Hildegarde Naughton sa Dáil an tseachtain seo, go mbeadh fáil ar an analís atá déanta roimh dheireadh na seachtaine seo chugainn.

Dúirt an Teachta Naughton go bhfuil sí dóchasach go gcinnteoidh an  analís atá déanta go dtógfar aonad nua éigeandála ag Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe ach mheabhraigh sí aríst go bhfuil sí fhéin i bhfabhar go n-aisteofaí seirbhísí sláinte go Páirc Mheirlinne mar réiteach fádthéarmach ar na fadhbanna atá le cúrsaí sláinte sa gcathair.
 

RTÉ RnaG foinse an scéil