Ag labhairt dó le RTÉ, dúirt Jack O'Connor go bhfuil sé féin sásta labhairt le haon cheann de na páirtithe d'fhonn teacht ar chomhréiteach.
Ach dúirt sé go gcaithfidh bainistíocht Luas níos mó a thairiscint má ta súil acu deireadh a chur leis an stailc.
Bhí sé ráite ag an Air Iompair Paschal Donohoe níos luaithe nach bhfuil sé sásúil go mbeadh seirbhís iompair poiblí mar an Luas ag cur as do Chomóradh Céid an Éirí Amach atá le tarlú i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo.