Maraíodh an fear agus chualthas dhá phléascadh áit a ndearna póilíní ruathar ar láthair in Schaerbeek, in oirthuaisceart na Bruiséile. Ceaptar go raibh na sceimhlitheoirí i mbun pleanála ionsaithe eile ar Pharas na Fraince.
Tá fórsaí armtha na bpóilíní i mbun go leor ruathair in iarracht stop a chur leis na cealla sceimhlitheoirí atá a n-eagrú féin le hionsaithe a dhéanamh ar chathracha na dtíortha atá comhghuailithe in aghaidh Stát Ioslam.
Tuairiscítear gur gabhadh mór-sheisear sna ruathair thar-oíche agus go bhfuil siad á gcoinneáil le ceistiú.