Tá dhá fhiosrúchán ar bun ag monarchan Green Isle Foods i Nás na Rí, Chontae Chill Dara i ndiaidh d'fear bás a fhail de bharr na ngortaithe brúite a d'fhulaing sé. Tugadh ag Ospidéal Ghinireálta an Náis é, áit ar fógraíodh marbh aréir é.
Tá an monarchan dúnta fad agus atá na Gardaí agus an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta ag fiosrú cúis a bhais. Ceaptar go nglacfaidh sé 24 uaire sula mbeidh an fiosrúhan críochnaithe.
D'eisigh Green Isle Foods fógra comhbhróin le teaghlach an fhir a cailleadh agus dúirt go bhfuil siad ag comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis ina bhfiosrúcháin.