Dúirt an tAire Iompair Paschal Donohoe nach bhfuil stailc na n-oibrithe Luas sásúil go háirithe i bhfianaise an deireadh seachtaine mór comóradh céad bliain ar Éirí Amach na Cásca atá beartaithe san ard-chathair.
Dúirt Donohoe le raidió RTÉ nach bhfuil sé sásta seicleabhar an státchiste a úsáid chun leasa na n-oibrithe agus a ngearáin a réiteach.
Dúirt sé nach bhfuil sé sásúil dó, mar Aire Iompair go mbeadh éiginteacht ann faoi shirbhís iompair poiblí.
Dhiúltaigh móramh mór na n-oibrithe do mholtaí ardú 18% thar tréimhse 3 bliana, moltaí na Cúirte Oibreachais.
Cuirfidh na stailceanna as do na céadta mílte a bhí ag beartú taisteal go Baile Átha Cliath d'ócáidí chomóradh 100 an Éirí Amach i gcaitheamh an deireadh seachtaine Cásca seo.