Tá scrúdú iarbháis ar siúl in Ospidéal na hOllscoile i dTrá Lí ar chorp an pháiste 11 mí a fritheadh inné in árasán i gCill Airne.
An Dr Margot Bolster, Leasphaiteolaí an Stáit, atá ina bhun.
Bhí sí ar dualgas ar an láthair freisin aréir.
Fritheadh corp an bhuachaillín tar éis dá mháthair filleadh ón obair.
Tá fear a bhí ag tabhairt aire don leanbh anois faoi chúram dochtúra in Ospidéal na hOllscoile.
Tuairims is 35 atá an fear. Tugadh ag an ospidéal é agus é gortaithe go dona.