skip to main content

Cás in aghaidh an Stáit caillte ag éigneoir

Cás in aghaidh an Stáit caillte ag éigneoir
Cás in aghaidh an Stáit caillte ag éigneoir

Tá cás a bhí tógtha ag éigneoir i gcoinne an Stáit caillte aige.

Gearradh cúig bliana déag príosúin ar Michael Murray – atá 44 bliain d’aois agus a bhfuil seoladh aige i gCill Iníon Léinín – as páiste a fhuadach agus as máthair an pháiste sin a éigniú.

Thóg sé cás i gcoinne an Stáit mar go ndearnadh a chuid glaonna teileafóin sa bpríosún a thaifeadadh.

Rialaíodh san ArdChúirt roimhe seo nach raibh sé cuí na glaonna a thaifeadadh agus nár chóir é a dhéanamh sa gcéad dul síos. Ach rialaíodh nach ndearnadh na taifid d’aon turas agus nár lorg aon duine ariamh rochtain orthu.

Rinne Michael Murray achomharc i gcoinne an rialaithe sin, ach caitheadh amach é inniu. Rialaíodh inniu nach raibh bunús ar bith lena chás agus bronnadh costais i gcoinne Michael Murray

Faoi láthair, tá Oifig Chigire na bPríosún ag fiosrú cásanna de ghlaonna teileafóin taifeadta i bpríosúin na tíre. Tar éis dó an fiosrúchán sin a chur i gcrích, is féidir leis a thuarascáil a chur faoi bhráid Choimisiún Fennelly, má cheapann sé go bhfuil gá leis sin.

Tá an Breitheamh Fennelly ag fiosrú cásanna de ghlaonna teileafóin taifeadta i stáisiúin na nGardaí. Chuaigh iarChoimisinéir an Gharda Síochána, Martin Callinan, ar scór tar éis dó teacht chun solais i 2014 go raibh taifead déanta ar ghlaonna.