Tá ciontú lánúine a fuarthas ciontach i márú neamhdhleathach trí neamart curtha ar ceal sa gCúirt Achomhairc inniu.
Bhí scléaróis iolrach ar Evelyn Joel, 59 bliain d’aois. Tugadh í go hOispidéal Ginearálta Loch Garman in otharcharr ó theach a iníne in Inis Córthaidh Lá Caille 2006. Fuair sí bás ansin sé lá ní ba dhéanaí.
Cúísíodh a hiníon, Eleanor, 38 bliain d’aois, ina dúnorgain. Cúisíodh páirtnéir Eleanor, Jonathan Costen, 40 bliain d’aois, chomh maith. Cuireadh ina leith go ndearna siad neamart ar Evelyn Joel le linn di ag bheith ag maireachtáil leo ina dteach.
Phléadáil an bheirt acu neamhchiontach i marú neamhdhleathach trí neamart.
Cuireadh a gcéad triail ar ceal, agus cuireadh ar a n-atriail iad. Fuarthas ciontach iad i gCúirt Chuarda Choiriúil Loch Garman i mí an Mhárta 2013. Cuireadh a bpíonós ar fionraí, ar an gcoinníoll go ndéanfaidís 230 uair oibre sa bpobal.
Cuireadh a gciontú ar ceal inniu sa gCúirt Achomhairc.
Dúirt an Breitheamh George Birmingham gur bhog Evelyn Joel isteach lena hiníon i 2004.
Ní raibh súil ag an am gur socrú fadthréimhseach a bheadh ann; go bhfanfadh Evelyn Joel lena hiníon go dtí go bhfaigheadh sí tairiscint ar lóistín cuí ón údarás áitiúil agus go mbogfadh sí amach ansin.
Tar éis di diagnóis a fháil ar scléaróis iolrach, rinne Ospidéal Ginearálta Loch Garman leaba a thairiscint do Evelyn Joel ar bhun fadthréimhseach. Ach dhiúltaigh sí glacadh leis an tairiscint sin.
Chuaigh a sláinte chun donais agus i mí na Nollag 2005, ghlaoigh máthair Jonathan Costen ar otharcharr le teacht chun an tí. Dúirt na hoibrithe a bhí i mbun an otharchairr gur cúis anacra a bhí ann dóibh an riocht ina raibh Evelyn Joel. Bhí sí salach, bhí faeces ar fud a coirp agus bhí anacraí leapa uirthi a bhí galrach.
Fuair sí bás san ospidéal ar 7ú de mhí Eanáir 2006.
Dúirt an Breitheamh Birmingham inniu go raibh Eleanor Joel agus Jonathan Costen ag argóint go raibh oibrithe sláinte agus oifigigh de chuid an údaráis áitiúil ciontach i neamart chomh maith.
Le linn an chéad bhliain a chaith sí ag maireachtáil lena híníon, thug oifigeach de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cúig chuairt déag ar Evelyn Joel. Ach sa cheithre mhí deireanacha, níor tugadh cuairt ar bith uirthi, in ainneoin a sláinte, a bhí ag dul in olcas.
Dúirt an Breitheamh chomh maith nár chóir iad a chur ar triail i Loch Garman, mar go raibh go leor tuairisciú déanta ar an scéal sna meáin áitiúla agus mar gur ábhar íogair a bhí ann sa gceantar.
Agus dúirt sé gur de bharr chúlra sláinte casta Evelyn Joel, go raibh sé deacair an chúis bháis a dheimhniú.
Cuireadh an ciontú ar ceal.
Dúirt an t-abhcóide sinsearach ar son Stiúrthóir an nIonchúiseamh Poiblí, Justin Dillon, go ndéanfaidís a gcuid machnaimh ar an mbreithiúnais go bhfeicfidís an mbéidís ag lorg atrialach eile amach anseo.