skip to main content

Fainic ar thománaithe faoi shioc agus shneachta

Tá fainic á cur ar thiománaithe i gceantracha áirithe ar fud na tire inniu a bheith cúramach de
bharr sneachta agus oighir ar na bóithre.

Tá Rabhadh Stádas Buí éisithe ag Príomhoifig na hAimsire maidir le Cúige Laighean. Tá foláireamh tugtha go mbeidh sioc agus oighear sna contaetha Dún na nGall, An Cabhán agus Muineachán agus go mbeidh ceathanna sneachta agus flichsneachta ansin, go háirithe ar thalamh ard. Tá súil go gcuirfear isteach ar an trácht ar fud Chúige Laighean inniu de bharr na drochaimsire, agus in oirthear Chúige Uladh.

Tá sé ráite ag AA Roadwatch gur chóir do thiománaithe tiomáint go mall agus níos mó ama a thabhairt dóibh féin lena gceann scríbe a bhaint amach.
 

Tá an sneachta ag cur isteach ar thiománaithe chomh maith i gContae na Mí agus i gceantracha áirithe i gCúige Mumhan.
 

Tá na bóithre contúirteach i gContae Lú, go háirithe ag Mainistir Buithe.