skip to main content

Gan bainistiú ceart ar vótaí - Ó Dochartaigh

Deir Piaras Ó Dochartaigh a ghnóthaigh ceann de na cúigh shuiochán Dála i nDún na nGall, nár dearnadh bainistiú ceart ar vótaí pháirtí Shinn Féin san olltoghchán.

D'fhéadfadh athchomhaireamh bheith iarrtha ag Sinn Féin, a dúirt sé, nuair a cuireadh Gary Doherty as an iomaíocht.

Dúirt sé freisin go mbeidh iniúchadh a dhéanamh ag Sinn Féin i nDún na nGall an tseachtain seo chugainn ar an gcaoi ar éirigh leis an bpáirtí san Olltoghchán

Dar le Piaras Ó Dochartaigh gur léirigh pobalbhreitheanna inmheánacha an pháirtí go raibh vóta Phádraig Mhic Lochlainn íseal ach go mbeadh go leor vótaí a bhfáil aige i gceantar Inis Eoghain agus Leitir Ceanainn.  

Maidir le vóta Fhine Gael i nDún na nGall, dúirt an Dochartach gur léir go bhfuil fadhbanna móra ag Fine Gael sa chontae, agus deir sé nach n-éireodh le Donnchadh Mac Fhionnghaile a shuíochán a choinneáil, dá mbeadh sé san iomaíocht.