skip to main content

Mic Léinn as SAM ag foghlaim Gaeilge i gConamara

Tá ceangal déanta ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, ar an gCeathrú Rua le hollscoil Phittsburg Mheiriceá.

Don chéad uair riamh, tiocfaidh mic léinn ó ollscoil Phittsburg go Conamara ag foghlaim na Gaeilge aimsir na Casca i mbliana.

Tá daoine as Meiriceá agus as Ceanada ag freastal ar chúrsaí Gaeilge ar an gCeathrú Rua le blianta ach tá nasc déanta ag an Acadamh le hOllscoil Phittsburg i mbliana.

Freastalóidh 200 mac léinn uilig ar chúrsaí Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua as seo go ceann míosa,

Tiocfaidh na mic léinn seo ó Choláiste Phádraig agus Institiúid Oideachais Mharino i mBaile Átha Cliath agus ó Choláiste San Aingeal i Sligeach.