skip to main content

'350 bás gan chall' - dochtúir comhairleach

Tá sé ráite ag comhairleoir atá ag plé le leigheas éigeandála go bhfaigheann idir 300 agus 350 othar bás gan chall gach bliain de bharr liostaí feithimh agus de bharr an ghanntanais leapacha in ospidéil na tíre.

Tá an Dochtúir Fergal Hickey ag obair in Ospidéal Ginearálta Shligigh agus dúirt seisean go mbeadh sé de chumas ag an gcóras sláinte an cúram cuí a chur ar fáil d’othair dá mbeadh níos mó leapacha ar fáil.

Agus é ag caint ar an gclár Morning Ireland ar RTÉ inniu, dúirt an Dochtúir Hickey gur chaith thart ar 80,000 duine oíche ar thraillí anuraidh. Faigheann idir 300 agus 350 bás gach bliain dá bharr, a dúirt sé. “Is othair iad seo”, a dúírt sé, “nach bhfaigheadh bás dá mbeadh leaba ar fáil dóibh.”

Dúirt sé go bhféadfadh sé a shamhlú go dtarlódh sé amach anseo go mbeadh binse fiosraithe ag fiosrú na ceiste seo. Dúirt sé nach dtuigfí cén chaoi ar ligeadh don ghéarchéim seo leanúint ar aghaidh gan smacht a fháil uirthi.

“An fhadhb atá ann faoi láthair”, a dúirt sé, “ná go gcuirtear cóir leighis ar othair san aonad éigeandála. Ach caithfimid go leor leapacha a fháil le go mbeidh muid in ann na daoine sin a aistriú amach as an aonad éigeandála go dtí an t-ospidéal ina dhiaidh.” Sa gcaoi sin, a dúirt sé, beidh na dochtúirí sna haonaid éigeandála in ann bogadh ar aghaidh go dtí an chéad ghrúpa othar eile.

Dúirt sé nach bhfuil “tuiscint ar bith” i measc polaiteoirí ar an bhfadhb seo. Dúirt sé nach bhfaca sé rud ar bith i gclár togchánaíochta aon pháirtí a thabharfadh le fios go bhféadfaidís dul i ngleic leis na fadhbanna atá sa gcóras sláinte.