skip to main content

Rialtas le húdarás ag teastáil - McGrath

Tá sé ráite ag urlabhraí airgeadais Fhianna Fáil, Michael McGrath, nach luífeadh sé le réasún go mbeadh rialtas sealadach i gcumhacht go ceann tamaill.

Dúirt sé go raibh mórfhadhbanna sa tír go gcaithfear dul i ngleic leo, ó thaobh an chórais sláinte de agus ó thaobh chúrsaí tithíochta de.

“Caithfimid rialtas a bhunú”, a dúirt sé, “go mbeidh údarás aige agus go bhfuil sé de chumas aige aghaidh a thabhairt ar na mórfhadhbanna atá le réiteach.”

Dúirt sé chomh maith go bhfuil imní á léiriú san Eoraip faoin tionchar a bheadh ann don gheilleagar anseo dá gcuirfí rialtas sealadach ar bun.

Dúirt Leo Varadkar, Fine Gael, ar maidin go raibh Fianna Fáil ag iompar iad féin amhlaidh is dá mbeadh “cearta acu ó Dhia” a bheith i gcumhacht. Dhiúltaigh Michael McGrath glacadh leis sin. “Is léir go bhfuil Leo Varadkar fós ag teacht chuige féin théis thoradh an olltoghcháin”, a dúirt sé.

Dúirt sé gur chóir d’Fhine Gael agus d’Fhianna Fáil a bheith ag díriú a n-aird ar rialtas a bhunú, seachas a bheith ag caitheamh diúracán lena chéile.

Dheimhnigh Michael McGrath go raibh Fianna Fáil ag labhairt le páirtithe eile, seachas Fine Gael, maidir le féidearthachtaí comhrialtais.

Dúirt sé nach gcreideann sé go n-athródh sé rud ar bith dá mbeadh olltoghchán eile ann.