skip to main content

Rabhadh PSNI faoi easaontóirí poblachtánacha

Tá rabhadh éisithe ag an PSNI ó thuaidh go bhfuil easaontóirí poblachtánacha meáite ar bhaill de na fórsaí slándála a mharú chun a gcomóradh féin a dhéanamh ar Chomóradh Céad Bliain Éirí Amach na Cásca.

Tháinig an rabhadh seo sna sála ar iarracht a rinneadh ar maidin oifigeach príosúin a dhúnmharú. Rinneadh obráid ar an oifigeach, 52 bliain d’aois, tar éis do bhuama pléascadh faoi bhun na veain a bhí á tiomáint aige go gairid tar éis a seacht a chlog ar maidin. Tuigtear nach bhfuil sé i mbaol báis.

Tharla an eachtra ar Bhóthar Woodstock in oirthear na cathrach.

Tá sé ráite ag Leas-PhríomhChonstábla an PSNI, Stephen Martin, gur cé go raibh “bagairt ghéar” i gceist ó thuaidh ó thaobh na sceimhlitheoireachta de le blianta anuas, tá an bhagairt níos anois tar éis éirí níos géire, a dúirt sé.

“Creidim go bhfuil grúpaí easaontóirí ag iarraidh poilíní, oifigigh phríosúin agus saighdiúirí  a dhúnmharú chun comóradh a dhéanamh ar an Éirí Amach”, a dúirt sé. “Táim á rá go poiblí agus súil agam go bhfaighidh muid tacaíocht ón bpobal."

Dúirt sé gur fear pósta é an t-oifigeach príosúin a ndearnadh ionsaí air inniu a bhfuil 28 bliain caite aige ag obair leis an tSeirbhís Phríosún agus a bhfuil beirt íníonacha aige.