Sa bhFrainc sheas breitheamh le plean an rialtais go leagfaí cuid den baile seantán sealadacha atá tógtha d'imircigh gar do chalafort Calais i dtuaisceart na Fraince.
Is anseo atá imircigh atá ag iarraidh an Bhreatain a bhaint amach ag fanacht.

Leagadh spriocdháta oifigiúil síos den Mháirt seo caite le go mbógfadh thart ar míle teifeach ar a laghad as an mbaile sealadach.
Deir na húdaráis go mbainfear úsáid as an lámh láidir dá dteastódh sé sin leis na teifigh a bhogadh go dtí láthair chónaitheach agus ionaid fáiltithe eile in aice láimhe.