Tá sé fógraithe ag Rialtas na Stát Aontaithe go bhfuil an t-ionad coinneála i gCuan Ghuantanamo i gCúba le dúnadh.
Tá 91 duine i ngéibhinn san áit a hosclaíodh i ndiaidh ionsaithe 9/11 i Meiriceá i 2001.
Gealltanas toghchánaíochta a bhí ann ón Uachtarán Barak Obama go ndúnfaí an t-ionad seo.
Tá a rialtas anois tar éis moladh a chur chuig Tithe na Comhdhála maidir le dúnadh an ionaid agus na príosúnaigh a aistriú chuig na Stáit Aontaithe.
Tá súil an t-aistriú sin a bheith déanta roimh dheireadh 2016.