Tá an t-Údar cáiliúil Harper Lee, a scríobh an leabhar cáiliúil, To Kill a Mockingbird, tar éis bháis.
89 bliain d'aois a bhí sí.
Foilsíodh an leabhar úd i 1960.
Insíodh scéal faoi aturnae i mbaile beag a rinne gach iarracht fear dubh a bhí ciontaithe go héagórach a chosaint.
Bhuaigh Harper Lee Duais Pulitzer don leabhar agus rinneadh scannán dó ina dhiaidh sin - le Gregory Peck sa phríomhpháirt.
Bhásaigh sí i dteach altranais in Alabama ar maidin.