Maraíodh fear agus gortaíodh beirt Ghardaí nuair a bhuail carr iad in aice le hArd Raithin in oirthear Chontae na Gaillimhe go moch ar maidin.
Tharla an eachtra ar bhóthar an N18 dhá chiliméadar taobh amuigh den sráidbhaile ag thart ar 12.30 ar maidin.
Fear 66 bliain d'aois a bhí ag siúl an bhóthair ab ea an té a leagadh. Bhásaigh sé ar an láthair.
Bhuail an gluaisteán faoi scuadcharr na nGardaí freisin. Ní raibh na Gardaí a gortaíodh istigh sa scuadcharr a bhí páirceáilte ar an mbóthar ag an am.
Bhí an fear a maraíodh ar iarraidh ó theach altranais sa cheantar ó aréir. Bhí sé díreach aimsithe ag na Gardaí nuair a tharla an tubaiste.
Tugadh an bheirt Ghardaí go hOspidéal na hOllscoile, Gaillimh, mar a bhfuil cóir leighis á cur orthu go fóill. Tuigtear nach bhfuil ceachtar acu i mbaol báis.
Gabhadh tiománaí an ghluaisteáin ar láthair na heachtra. Tugadh go stáisiún Gardaí an Ghoirt é, ach scaoileadh saor ó shin é.
Tá an eachtra fiosraithe ag Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána a deir nach raibh aon mhí-iompar Gardaí i gceist.