Dúirt Aire Dlí agus Cirt an Tuaiscirt David Ford gur Rialtas na Breataine seachas feidhmeannas Stormont a chaithfeas íoc as an bhfiosrúchán faoi ghníomhaíochtaí bhrathadóir an IRA a dtugtar 'Stakeknife' air.
Deirtear go raibh baint ag an mbrathadóir le breis agus fiche duine a dhúnmharú.
Duirt David Ford nach bhfuil na hacmhainní ag an Roinn Dlí agus Cirt i Stormont le tabhairt faoin bhfiosrúchán agus go bhfuil sé sin tugtha le fios aige do Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Theresa Villiers.