skip to main content

"Ní gá don Aire Michael Noonan an taifead Dála a cheartú"-An Taoiseach

An tAire Airgeadais Michael Noonan
An tAire Airgeadais Michael Noonan

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny nach gá do Michael Noonan an taifead Dála a cheartú i dtaca le ráiteas.

Cuirtear i leith an Aire Airgeadais go bhfuil éagsúlachtaí idir a ráiteas sa Dáil i 2011 agus an Fiosrúchán Baincéireachta i dtaca leis an ECB.

Tá daoine áirithe ag iarraidh go n-éireodh an tAire Noonan as oifig anois, agus é curtha ina leith gur chuir sé An Dáil amú nuair a dúirt sé go raibh bagairt dhíreach ann don tír seo dá ndiúltófaí na sealbhóirí bannaí a íoc.

Dúirt Michael Noonan i 2011 gur tháinig an bhagairt sin ó iar-cheannaire Bhanc Ceannais na hEorpa (ECB), Jean-Claude Trichet.

Jean-Claude Trichet ag an bhFiosrúchán Baincéireachta

Deir an tUasal Noonan anois áfach nár tháinig aon bhagairt dhíreach ón ECB, agus gur ag tagairt do na margaí a bhí Monsieur Trichet.