Tá breithiúnas achomair €2m déanta sa gCúirt Thráchtála in aghaidh an Teachta Dála Neamhspleách, Mick Wallace.
Bhí an fiacha amuigh air mar gheall ar bharántas a thug sé i Meitheamh 2009, tráth a raibh sé ina stiúrthóir ar an gcomhlacht M&J Wallace.
Glacann Mick Wallace leis go ndeachaigh sé i mbannaí ar an iasacht agus nach bhfuil aon aisíoc déanta ar an airgead.
Cuireadh fanacht 3 mhí ar fheidhmiú an ordaithe cúirte.