skip to main content

Taoiseach ag leagan béime ar dháilcheantar Chiarraí

An Taoiseach ag leagan béime ar Chiarraí
An Taoiseach ag leagan béime ar Chiarraí

"Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbuafadh Páirtí Fhine Gael 2 shuíochán i nDáilcheantar nua-bhunaithe Chontae Chiarraí san Olltoghchán atá chugainn chun go bhfanfadh an comhrialtas i gcumhacht ar feadh roinnt blianta eile" a dúirt An Taoiseach. 

Dúirt sé an méid seo in agallamh don chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu.

Bhí an Taoiseach i láthair ag ócáid i gCill Áirne aréir ag seoladh feachtas toghchánaíochta na dtriúr iarrthóirí a bheidh ag déanamh ionadaíochta ar Fhine Gael i gCiarraí san olltoghchán atá chugainn.

Ní raibh an Taoiseach sásta a rá go cinnte cathain a fhógrófaí an t-olltoghchán san ach go mbeadh sé chugainn sara fada.