Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Sláinte, Kathleen Lynch nach bhfuil fiosrúchán neamhspleách curtha as an áireamh aici mar gheall ar an scannal faoi mhí-úsáid a dúradh a rinneadh ar dhaoine óga faoi mhíchumas i dteach altramais san oirdheisceart.
Dá gcuirfí ceann ar bun faoi choimirce na Dála, chaithfí fiosrúchán ar leith a dhéanamh a deir sí lena dhéanamh amachna laincisí a chuirfí ar a leithéid d'fhiosrúchán.
Tá an t-abhcóide sinsearach, Conor Duignam, ceaptha ag an Aire Stáit Lynch, le fiosrúchán iomlán a dhéanamh faoina raibh ar bun sa teach altramais.
Níos túisce inniu dúirt ceannaire na háisíneachta carthanachta do pháistí, Barnardos, gur míniú seachas leithscéal atá tuillte ag íosbartaigh agus a muintir a d'fhulaing de bharr na mí-úsáide.
Dúirt Fergus Finlay go mba náireach mar a caitheadh le bean áirithe a bhí faoi mhíchumas intleachtúil.

Fergus Finlay
Tá bréaga curtha i leith Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) maidir leis an mbealach ar chuir sé an scéal faoi bhráid Choiste Chuntas Poiblí an Oireachtais.
Bhí ráite roimhe seo ag an HSE gur ghabh sé leithscéal leis an bhean i ndiaidh di 13 bliain a chaitheamh i dteach altramais, ainneoin na líomhaintí seo faoi mhí-úsáid a bheith ag teacht chun cinn.
Tá comhartha ceiste anois faoin leithscéal sin.
Deirtear freisin gur chuir an HSE an Coiste Oireachtais amú d'aonghnó.
Dúirt Ard Stiúrthóir an HSE, Tony O'Brien go bhfuil súil aige bualadh leis an gCoiste Cuntas Poiblí an tseachtain seo chugainn chun an chonspóid seo a phlé.

Ard Stiúrthóir an HSE, Tony O'Brien
Dúirt sé freisin go bhfuil leithscéal foirmeálta gafa ag an HSE.
Dúirt cathaoirleach an choiste oireachtais, John McGuinness gur thacaigh sé leis an éileamh go mbunófaí Coiste Fiosrúcháin.