skip to main content

Bean ar a triail i gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe maidir le cruálacht ar a cuid páistí

Bean ar a triail i gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe
Bean ar a triail i gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe

Tá bean 40 bliain d'aois curtha ar a triail i gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe maidir le neamart agus cruálacht ar ochtar dá cuid páistí, thar thréimhse 5 bliana.

Phléadáil an bhean, nach féidir a ainmniú ar mhaithe leis na páistí a chosaint, neamhchiontach i 44 cúis a bhaineann le cruálacht leanaí.

Bhain sé sin le faillí, drochíde, ionsaithe, nó na páistí a fhágáil sa riocht go ndéanfaí neamart orthu.