skip to main content

144 post á gcailleadh i gcomhlacht dí C&C

Ionad C&C i mBuiríos Ó Luigheach, Contae Thiobraid Árann
Ionad C&C i mBuiríos Ó Luigheach, Contae Thiobraid Árann

Tá 144 post le cailleadh de bharr athstruchtúrú atá an comhlacht C&C a dhéanamh ar mhonarchana leis in Éirinn.

Baineann 124 de na postanna atá á gcailleadh le monarcha i mBuiríos Ó Luigheach i gCo Thiobraid Árann.

Tá táirgíocht á aistriú ag C&C ón mhonarcha sin.

Tá 20 post eile le cailleadh i bPort Laoise,Co.Laoise  agus i Ros Mhic Thriúin,Co.Loch Garman. 

Táirgíonn an grúpa C&C réimse de dheochanna meisciúla, - go háirithe ceirtlis Bulmers, Magners chomh maith le Tipperary Water ina mhonarchana i gCo.Thiobraid Árann.

An deoch meisciúil Bulmers

I ráiteas ón chomhlacht inniu dúirt sé go gcaithfidh sé athstruchtúrú a dhéanamh ar a tháirgíocht agus forbairt €10m a dhéanamh ar a mhonarcha i gCluain Meala,Co.Thiobraid Árann.

Coinneofar Buiríos Ó Luigheach mar ionad stórais agus iompair.

Dúirt C&C go gcruthóidh an fhorbairt i gCluain Meala 80 post breise, cé nach bhfuiltear cinnte cén uair a bheidh na postanna sin ar fáil agus céard iad na coinníollacha a bheidh leo. 

Tá 10 bpost breise eile á ghealladh aige i gCill Chainnigh.

I Sasana caillfidh 127 duine a bpostanna i monarcha le C&C i Somerset.

Tá C&C ag cur an locht ar iomaíocht ghéar i margaí na hÉireann agus na Breataine le blianta beaga anuas agus ar laghdú an éilimh ar uisce i mbuidéil.