Tá sé fógraithe ag Cumann Ailse na hÉireann go bhfuil sé ag cur deireadh leis an gclár tacaíochta airgeadais a bhíodh á rith aige.
Baineadh úsáid as an gciste le cúnamh a thabhairt d'othair le hailse a mbíodh ganntan airgid orthu.
Dúirt an cumann go raibh an-aiféala air faoin gcinneadh seo a dhéanamh ach go raibh sé ró-dheacair é a bhainistiú mar gheall ar an oiread éilimh a bhí ar an scéim.
Thug Cumann Ailse na hEireann €1.8m d'othair as an gciste anuraidh.
Ba cháin ón bpobal 90% den airgead sin.