Meastar go mb'fhéidir go mbeidh an t-athchomhaireamh ar vótaí thoghchán áitiúil 2014 i Lios Tuathail á reachtáil ar an 22ú Eanáir.
D'fhéadfadh sé go dtógfadh an comhaireamh 2 lá.
Is in Ionad Chumann Lúthchleas Gael na Mistéalach i dTrá Lí a dhéanfar an comhaireamh.
In agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu deir an t-iriseoir neamhspleách, Anne Lucey, gur ordaigh an Breitheamh Thomas E. O Donnell sa Chúirt Chuarda i dTra Lí inné, go ndeanfaí athmheascadh agus athchomhaireamh iomlán ar na vótaí i dtoghroinn Lios Tuathail.
Deir sí go ndúirt sé go gcaithfeadh marc soiléir a bheith ar gach páipéar vótála chun é bheith bailí, agus nach nglacfaí ach le páipéir a mbeadh 1 marcálta orthu, agus ina dhiaidh sin dá mba ann don dara vóta agus mar sin síos dá réir.