skip to main content

Fáilte roimh chead pleanála do scoil i Mainistir Fhear Maí i gCo.Chorcaí

An feachtas ar mhaithe leis an ngaelscoil i Mainistir Fhear Maí
An feachtas ar mhaithe leis an ngaelscoil i Mainistir Fhear Maí

Tá fáilte curtha ag Grúpa Gnímh Ghaelscoil de hÍde roimh an chead pleanála atá tugtha ag Comhairle Contae Chorcaí do fhoirgneamh nua don scoil i Mainistir Fhear Maí.

Fuair an scoil aitheantas ón Roinn Oideachais i 2011 agus troideadh feachtas fada ó shin leis an fhoirgneamh nua a fháil.

Is iomaí agóid phoiblí a rinne an Grúpa Gnímh ó bunaíodh iad i mí Iúil 2014.

Mar chuid den fheachtas sin mháirseáil suas le 1,000 duine trí Mhainistir Fhear Maí, cuireadh litreacha achainí chuig polaiteoirí agus heagraíodh bolscaireacht ar na meáin shóisialta

Tá an scoil ag súil anois gur féidir tús a chur leis an obair thógála i lár na míosa seo chugainn agus go mbeidh an scoil réidh le hoscailt ag an Nollaig seo chugainn.