Gearradh príosún 5 bliana, dhá cheann díobh ar fionraí, ar fhear as Baile Átha Cliath a bhain úsáid as na meáin shóisialta ar an idirlíon le caidreamh collaí a bhunú le cailín 15 bliain d'aois.
I gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath, ciontaíodh Conor O'Keefe, 26 bliain d'aois, as Baile Uí Chuilinn maidir le mí-úsáid ghnéasach ar an gcailín i mí Iúil 2011.
Dúradh sa chúirt gur lig sé air féin ar na meáin shóisialta gur cailín 13 bliain d'aois a bhí ann chun an déagóir a mhealladh chuig a theach.