Tuairiscítear ar a laghad deichniúr a bheith marbh i bpléasc a tharla i lár chathair Instabul sa Tuirc.
Tá a fhios go bhfuil 15 duine gortaithe san eachtra i gceantar turasóireachta Sultanahmet.
Tharla an t-ionsaí in aice leis an séad-chomhartha aitheanta - an Mosc Gorm.
Deichniúr ar a laghad marbh
Deirtear go bhfuil saoránaigh ón Ghearmáin agus ón Iorua i measc an dreama a goineadh sa phléasc.
Deir údaráis na Tuirce gur saoránach 28 bliain d'aois ón tSiria a bhí freagrach as an mbuamáil.
Chuir an buamálaí é féin den saol freisin.
Tá na h-údaráis ag fiosrú an raibh aon bhaint aige leis an eagraíocht ar a dtugtar an Stát Ioslamach air.