Dúirt Príomhfheidhmeannach na heagraíochta Insurance Ireland go raibh cruinniú an lae inniu a bhí aige leis an Taoiseach agus Airí Rialtais eile cuiditheach.
Dúirt Kevin Thompson gur iarr an Taoiseach ar na comhlachtaí árachais a macnamh a dhéanamh ar na cosaintí sealadacha atá i bhfearas in aghaidh na dtuilte, agus tuairisc a chur chuige an tseachtain seo chugainn.
7 gcomhlacht árachais a bhí i láthair ag an gcruinniú.
Feidhmeannaigh óna comhlachtaí árachais ag déanamh a mbealaigh go Tithe an Rialtais
Pléadh clúdach árachais dóibh siúd a d'fhulaing de bharr na dtuilte le deireanaí ag an gcruinniú seo i dTithe an Rialtais, Baile Átha Cliath.
Dúirt an tAire Stáit Simon Harris go raibh sé tábhachtach dearbhú a thabhairt do dhaoine go mbeadh árachas acu i gcás tuilte, fad is a bheadh an Rialtas ag cur tús le caiteachas de €500m ar chosaintí tuilte sna 5 bliana atá romhainn.
Bhí tionscail an árachais cáinte ag Airí Rialtais faoi nach gcuireann sé árachas ar fáil do cheantair a bhfuil bacanna curtha suas acu in aghaidh na dtuilte.
Tuilte i gCo.an Chláir
Ar an gclár raidió de chuid RTÉ Morning Ireland ar maidin dúirt Cathaoirleach an Choiste Oireachtais ar chúrsaí comhshaoil, Michael McCarthy nár cheart go gceadófaí do chomhlachtaí árachais leatrom a dhéanamh.
Ar an taobh eile cáineann tionscail an árachais cinntí pleanála agus deir sé go bhfuil sé go láidir in aghaidh aon dleacht a ghearradh ar dhaoine a bhfuil árachas acu.
Deir na comhlachtaí a bhí ag an gcruinniú inniu áfach go ndéanfadh sé athbhreithniú anois ar a pholasaí gan árachas a thairiscint do cheantair a bhfuil bacanna ar thuilte i bhfearas aige.