Vótáil Parlaimint na Gearmáine i bhfábhar tacaíocht mhíleata a chur ar fáil chun mílistigh an Stáit Ioslamaigh nó ISIS sa tSiria, a throid.
Cuirfidh an Ghearmáin os cionn 1,000 saighdiúir go dtí an réigiún.
Tá siad chun eitleáin agus bád cabhlaigh a chur ar fáil don bhfeachtas míleata freisin.
Bhí cabhair bhreise iarrtha ag Uachtarán na Fraince, Francois Hollande ar an Aontas Eorpach i bhfianaise na n-ionsaithe a tharla i bPáras 3 seachtainí ó shin inar maraíodh 130 duine.