Cuirfear ógánach seacht mbliana déag ar a thriail i gCúirt na Leanaí agus é cúisithe i mí-ord foréigneach maidir le heachtra inár sáinníodh an Tánaiste ina carr i mí na Samhna anuraidh.
Dúradh sa gcúirt gur ghlac sé fhéin páirt sa scliúchas nuair a chonaic sé daoine fásta i mbun agóide.
Dúradh freisin gur ghlac gardaí leis nach raibh aon chlaonadh polaitiúil ag an ógánach.
Caithfidh an chúirt cinneadh a dhéanamh fós faoi chás an déagóra 16 bliain d'aois atá cúisithe faoin Tánaiste Joan Burton agus a comhairleoir a choinneáil in aghaidh a dtola.
Beidh an bheirt déagóirí os comhair na cúirte arís i mí Eanáir.