skip to main content

Athbhreithniú breithiúnach i gcás dúnmharaithe Jean Smyth i mBéal Feirste

Jean Smyth a dúnmharaíodh i 1972
Jean Smyth a dúnmharaíodh i 1972

I gcúirt i mBéal Feirste inniu ceadaíodh athbhreithniú breithiúnach i gcás dúnmharaithe Jean Smyth i mBéal Feirste i 1972. 

Tuigtear anois gur aonad de chuid Arm na Breataine a mharaigh í.

Bhí an milleán curtha ar an IRA ar feadh 40 bliain as an dúnmharú.

Ach tá fianaise tagtha chun solais le bliain anuas a dhíríonn méir i dtreo Arm na Breataine.

I Meitheamh 1972 a scaoileadh Jean Smyth sa chloigeann.

24 bliain d'aois a bhí sí ag an am, bhásaigh sí ar a bealach chuig an ospidéal.

Dúirt fórsa póilíneachta an RUC, mar a bhí ag an am, gurb iad an tIRA a mharaigh í.

Ar feadh 42 bliain chreid teaghlach Jean Smyth an méid sin.

Ach anuraidh nochtadh cartlann a bhí faoi chlúdach i Londain.

Thaispeáin sin gur Fórsa Frithghnímh Mhíleata an Airm a mharaigh í. 

Ghlac teaghlach Jean Smyth cás i gcoinne chinneadh an Stáit gan fiosrúchán nua dúnmharaithe a bhunú.

Teaghlach Jean Smyth lasmuigh den chúirt inniu

Agus rialaigh an Breitheamh inniu athbhreithniú breithiúnach a chéadú ar an chás. 

Éistfear leis an chás taobh istigh de chúpla mí.