skip to main content

Fógra drochaimsire eisithe ag oifig Met Eireann

Stoirm mhór i mBóthar na Trá i nGaillimh
Stoirm mhór i mBóthar na Trá i nGaillimh

Tá fógra drochaimsire agus titim throm báistí eisithe ag Oifig na hAimsire d'iarthar na tíre.

Beidh feidhm leis an bhfógra ón 6 a' chlog tráthnóna inniu go dtí maidin Dé Domhnaigh.

Ó tosaíodh ar an rabhadh aimsire a chódú, ní raibh an titim báistí atá á tuar riamh chomh hard a deirtear.

Stádas dearg atá eisithe do Chonnacht i dteannta chontaetha Dhún na nGall, an Chláir, agus Chiarraí.

Tá sé tuartha go dtitfidh díol míosa de bháisteach i gceantair áirithe san iarthuaisceart  as seo go Domhnach.

Tá gaoth agus gála láidir geallta freisin agus Stoirm Desmond ar an mbealach.

Iarrtar ar thiománaithe a bheith an-chúramach ar na bóithre.