skip to main content

Súil le leagan den fhiosrúchán baincéireachta an deireadh seachtaine seo

An Teachta Ciarán Lynch
An Teachta Ciarán Lynch

Dúirt an Teachta Dála Ciarán Lynch, an Cathaoirleach atá ar an bhfiosrúchán baincéireachta go bhfuil súil aige go mbeidh leagan tuarascála déanta an deireadh seachtaine seo.

Féadfar é ansin a chur faoi bhráid chomhairle dlí  a dúirt sé.

Dúirt teachta an Lucht Oibre áfach go ngabhfaidh sé rite leis an gcoiste tuarascáil iomlán a bheith foilsithe faoin spriocdháta ar an 28ú Eanáir,2016.

Dúirt sé gur dócha go gcaithfí leanacht i mbun oibre i gcaitheamh thréimhse na Nollag.

Tá baill an choiste baincéireachta i mbun cruinnithe arís inniu agus iad ag iarraidh dréacht-thuarascáil a chur le chéile.

Tuigtear go bhfuil dréacht-mholtaí agus achoimriú scaipthe i measc na mball.

Tá an tuarascáil á plé ag na baill óna 3 a' chlog inniu.

Tuigtear go leanfar leis an bplé go dtí déanach anocht.