skip to main content

16 duine ar a laghad marbh in ionsaí buamála i Cairo

Ionsaí i Cairo
Ionsaí i Cairo

Tuairiscítear go bhfuil 16 duine ar a laghad marbh in ionsaí buamála a rinneadh ar chlub oíche i bpríomhchathair na hÉigipte, Cairo.

Fir a raibh mascanna orthu a chaith buamaí peitril sa chlub.

Deirtear gur gortaíodh beirt eile ar a laghad san ionsaí.

Tuigtear gur duine a bhíodh ag obair sa mbialann ach a bhí scaoilte chun bealaigh, a bhí freagrach as an ionsaí.