Beidh limistéar Schengen á phlé arís inniu ag cruinniú atá ag Airí Dlí agus Cirt an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséal.
Meastar go bhfuiltear leis na cearta a bhaineann leis an limistéar sin a chur ar fionraí ar feadh 2 bhliain.
Ceadaíonn an limistéar saor-thaisteal idir na tíortha a bhfuil an comhaontú seo sínithe acu.
Teastaíonn óna tíortha sin smacht a chur ar an líon teifeach atá ag teacht isteach thar teorainn acu agus chuideodh an fionraíocht leis sin.
Má chuirtear an fhionraíocht i bhfeidhm d'fhéadfaí ionaid seiceála do phasanna a chur ar theorainneacha na dtíortha sa limistéar.
Thug oifigigh sa mBruiséal le fios go bhfuil plé le déanamh freisin ar phlean atá ag an nGearmáin le lonnaíocht ar chur ar fáil do theifigh atá sa Tuirc.