Tá an ciontú dúnmharaithe a gearradh ar an lúthchleasaí Parailimpeach Oscar Pistorius uasghrádaithe go dtí ciontú dúnmharaithe.
Rinne Cúirt Achomhairc san Afraic Theas an ciontú a uasghrádú.
Ciontaíodh Oscar Pistorius i marú a chailín Reeva Steenkamp agus d'fhéadfaí an fear ar a dtugtar 'The Blade Runner' air a sheoladh ar ais chun príosún anois ar feadh 15 bliain déag as Reeva Steenkamp a chaitheadh ar Lá le Vailintín 2013.
Gearrfar pianbhreith eile ar Pistorius as an ciontú nua dúnmharaithe ar dháta atá le socrú fós.
Anuraidh, gearraidh pianbhreith 5 bliana ar Pistorius as dúnorgain, ach mhaígh an t-ionchúiseamh gur cheart é a chiontú i ndúnmharú mar gheall gur scaoil sé ceithre urchair trí dhoras leithris a bhí faoi ghlas.
Scaoileadh Oscar Pistorius, 29 bliain d'aois amach as an bpríosún luath, i Mí Dheireadh Fómhair agus bhí sé lena chuid eile dá théarma a chur isteach faoi bhraighdeanas baile.
Deir ionchúisitheoirí a chuir an t-achomharc isteach go raibh sé i gceist ag Pistorius Reeva Steenkamp a mharú agus gur theith sí go dtí an leithreas le linn achrainn.
Séanann Pistorius gur mharaigh sé Reeva Steenkamp, é ag maíomh gur cheap sé gur duine a bhris isteach ina theach a bhí ann.
Dúirt teaghlach Reeva Steenkamp inniu go raibh siad sásta le cinneadh na cúirte.