Cailleadh Jonah Lomu moch maidin inniu. D'imir sé 63 huaire don Nua Shéalainn agus scóráil sé 37 úd do na All-Blacks idir 1994 agus 2002.
Labhair iar-dhochtúir na foirne, John Mayhew thar cheann an teaghlaigh inniu ag deimhniú gur cailleadh Lomu idir 08.00 agus 09.00.
Bhí sé 40 bliain d'aois agus d'fhulaing sé le galar duáin ó 1995 i leith. D'ainneoin an ghalair, lean sé ag imirt leis an bhfoireann náisiúnta ar feadh 7 mbliana eile.
Fuair sé duáin nua i dtrasphlandú sa bhliain 2004 agus bíodh is gur ghlac a cholainn leis na baill beatha nua ar feadh i bhfad, dhiúltaigh a chorp do na duáin i 2011 agus b'éigean dó scagdhealú rialta a fháil.
Chaith sé dhá mhí san Eoraip, in Éireann freisin, le linn an Chraobh Domhanda a tionóladh sa Bhreatain. D'fhill sé ar an Nua Shéalainn i ndiaidh do saoire a chaitheamh lena bhean agus a mbeirt mhac in Dubai.