skip to main content

Na mílte fágtha d'oireasa seirbhís traenach ar fud na tíre inniu

Stáisiún traenach Phort Láirge
Stáisiún traenach Phort Láirge

Ghoill an stailc 3 huaire a' chloig a bhí ar bun ag tiománaithe Iarnród Éireann ar maidin ar thart ar 40,000 paisinéir.

Mhair an stailc ón 6 a'chlog go dtí a 9 a'chlog ar maidin.

Cuireadh ar ceal breis is 70 seirbhís traenach ar fad.

Tá na seirbhísí ag feidhmiú anois arís ach deirtear go mbeidh moill ar roinnt díobh i gcónaí de bharr na stailce níos luaithe.

Theip ar na cainteanna aréir idir ceardchumainn agus an bhainistíocht i dtaca leis an aighneas seo a réiteach.