Caithfear réiteach a fháil ar na fadhbanna atá le droch sheirbhísí leathanbhanda i gcuid de Dhún na nGall, a dúirt an Teachta Dála Charlie McConalogue.
Dúirt sé nach leor plean oibre 5 bliana an Rialtais chun seo a réiteach.
Dúirt an Teachta McConalogue go bhfuil go leor pobail i nDún na nGall nach féidir leo fanacht 5 bliana le soláthar leathanbhanda a fháil.
Dúirt sé freisin nach bhfuil sé maith go leor gur fágadh páirteanna den chontae gan seirbhís leathanbhanda ar feadh sé huaire a chloig Dé Ceadaoin.
Rinne sé tagairt do cheantar Bhun an Phobail áit a bhfuil fadhbanna leanúnacha leis an tseirbhís leathanbhanda.
Faoi phlean an Rialtais, beidh ar leath de phobal Dhún na nGall fanacht go dtí 2021 le go mbeidh feabhas ar sheirbhísí leathanbhanda a dúirt an Teachta McConalogue.