skip to main content

Teachta Dála Neamhspleách Thomas Pringle ag lorg allúntas níos fearr do Dhún na nGall

An teachta Thomas Pringle
An teachta Thomas Pringle

Tá an Teachta Dála Neamhspleách Thomas Pringle ag iarraidh ar an Rialtas allúntas níos cothroime a bhronnadh ar Chondae Dhún na nGall mar gheall ar ioncaim indiúscartha íseal ag go leor de mhuintir an chontae.

I bhfigiúirí a d'eisigh an Lár Oifig Staidrimh, léirítear go raibh an líon ioncaim indiúscartha is ísle i réigiún an Iarthair ag muintir Dhún na nGall.

Caithfear níos mó tacaíochtaí cosúil le liúntais feirmeoirí agus liúntais cuardaithe fostaíochta a chur ar fáil do mhuintir Dhún na nGall a dúirt an Teachta Pringle .