Tá 2 ghrúpa tras-teorann bunaithe le déileáil le trádáil mhídhleathach i gceantar na teorann.
Sin de réir an eolais a thug an tAire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald don Teachta Dála Pádraig Mac Lochlainn.
Dúirt an Teachta Mac Lochlainn go bhfuil eachtraí maidir le sciúradh breosla coitianta cois na teorann agus go bhfuil toitíní mídhleathacha á ndíol sa cheantar, rud a chiallaíonn go bhfuil airgead ollmhór á chailleadh ag an stát chiste.
Rinne an trádáil mhídhleathach seo i gceantar na teorann damáiste ollmhór do na gnóanna dleathacha sa cheantar, a dúirt an Teachta Mac Lochlainn.
Leanfar ar aghaidh leis an chomhoibriú tras teorann maidir leis na fadhbanna seo, a dúirt an tAire Fitzgerald leis an Teachta Mac Lochlainn.