Dúirt Comhdháil Oileán na hÉireann go bhfuil próiseas tosaithe le cúrsaí cumarsáide idir an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus Pobal na nOileán a fheabhsú.
Bhí cruinniú ag an chomhdháil inné leis an Aire Joe McHugh.
Thug an chomhdháil le fios go raibh an cruinniú sin a tionóladh sna Forbacha i gCo. na Gaillimhe an-dearfach.
Socraíodh go gcuirfeadh an chomhdháil moltaí chun cinn ag an Aire agus ag an Roinn faoi bhealaí a bhféadfaí saol na nOileán a fheabhsú.
Dúradh le lucht na comhdhála ag an gcruinniú inné nach bhfuil an fhoireann ag an Roinn anois le cruinnithe rialta a reachtáil le hionadaithe óna hoileáin mar a dhéantaí roimhe seo.
Mhínigh na hionadaithe don Aire Stáit chomh tábhachtach is atá na deontais reachtála do chomharchumainn agus do chomhlachtaí forbartha ar na hoileáin.
I ráiteas a d'eisigh an Roinn inniu dúradh go gcuirfeadh Comhdháil Oileáin na hÉireann plean ar aghaidh chun coiste idir-rannach do na hoileáin a bhunú a chothóidh níos mó cumarsáide agus a aimseoidh torthaí maidir leis na dúshláin atá ag na hoileáin.
Is acmhainn iontach iad na hoileáin don tír agus leanfaidh an obair ar aghaidh chun todhchaí na n-oileán mara a bhuanú a dúirt an Roinn.