skip to main content

Breis is 40 duine marbh i dtimpiste bóthair in iardheisceart na Fraince

Láthair na timpiste sa Fhrainc
Láthair na timpiste sa Fhrainc

Tuairiscítear 43 duine ar a laghad a bheith marbh i dtimpiste bóthair in iardheisceart na Fraince.

Tharla an timpiste nuair a bhuail trucail agus bus faoina chéile lámh le cathair Bordeaux.

Bhásaigh tiománaí an trucail agus suas le 39 duine a bhí ar an mbus .

Ba ar bhóthar cúng taobh amuigh de bhaile Libourne a tharla an timpiste thart ar 7.30 sa tráthnóna.

Tuigtear gur Francaigh ar fad a maraíodh.

Dúirt na meáin áitiúla ansin go ndeachaigh an bus agus an leoraí thré thine tar éis na timpiste.

Tragóid ollmhór a thug Uachtarán na Fraince Francois Hollande ar an timpiste seo 60 ciliméadar soir ó Bordeaux. 

Tá seisean sa Ghréig faoi láthair.

Deirtear gurb í an timpiste seo an ceann ba mheasa sa Fhrainc le 30 bliain.