Tá iarrtha ag beirt theangeolaithe aitheanta ar cheannaireacht RTÉ a shoiléiriú an iad tuairimí na heagraíochta a nochtadh in alt nuachtáin le déanaí maidir le taighde sa Ghaeltacht.
Cháin an bheirt acadóírí grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ Rónán Mac Con Iomaire faoi amhras a chaitheamh ar thaighde eolaíochta ar mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht.
In alt san Irish Independent i dtús na míosa seo, dúirt Rónán Mac Con Iomaire go bhfuil scéal chailleach an uafáis acu siúd atá ag tuar bhás na Gaeilge mar theanga phobail. Thagair sé do thaighde sochtheangeolaíochta nach raibh páirteach ann, a dúirt sé, ach leathchéad duine, taighde a tharraing tuilleadh tráchtaireachta uafáis. Bíonn fírinne i gcónaí sna rudaí seo ach níl cur i láthair ná fógairt chinniúint dhuairc na Gaeilge ag déanamh maithis ar bith don teanga, a dúirt sé.
Bhí Rónán Mac Con Iomaire ag tagairt, is cosúil, do shaothar taighde na sochtheangeolaithe an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, an Dr Brian Ó Curnáin, agus acadóirí eile, ar chumas Gaeilge cainteoirí óga dúchais sa Ghaeltacht. Léirítear sa saothar taighde sin a choimisiúnaigh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) go bhfuil meath suntasach tagtha ar chumas Gaeilge daoine óga sa Ghaeltacht.
Inné, in alt freagra ar an Irish Independent, d'fhiafraigh an tOllamh Ó Giollagáin cad chuige ar cheistigh ceannasaí Gaeilge RTÉ taighde eolaíochta a deir sé atá bunaithe ar shampla láidir.
I gcomhfhreagras chuig Príomh-Stiúrthóir RTÉ Noel Curran, deir na húdair go dtugann an t-alt le fios gurb é seo dearcadh RTÉ. Maíonn siad fosta go dtugann an t-alt le fios go bhfuil RTÉ ag déanamh beag is fiú de thaighde deimhnithe.
In agallamh le Nuacht RTÉ inniu, d'fhiafraigh an Dr Ó Curnáin an nglacfadh RTÉ le grúpcheannasaí sláinte ag nochtadh a thuairimí pearsanta féin maidir le hailse agus tobac, agus gan aon chruthú aige nach bhfuil ceangal ag tobac le hailse. Ní féidir rud a shéanadh gan fianaise nó anailís nua a thabhairt, a dúirt sé.