skip to main content

Cúinsí eisceachtúla ba chúis le íocaíocht €736,000 le dochtúil comhairleach anuraidh

Cúinsí eisceachtúla ba chúis le íocaíocht €736,000 le dochtúil comhairleach anuraidh
Cúinsí eisceachtúla ba chúis le íocaíocht €736,000 le dochtúil comhairleach anuraidh

Chuala Coiste na gCuntas Poiblí inniu gur íocadh €736,000 le dochtúir comhairleach a bhfuil bun-thuarastal de €155,000 sa bhliain dlite dó. 

Íocadh an tsuim  breise de €581,000 leis mar gheall ar obair phoiblí bhreise a rinne sé anuraidh.

Mar bharr ar a thuarastal, íocadh €334,215 leis ar ghlao-dhualgas - obair éigeandála don fhormhór móide €246,774 ar obair dhialainne. 

Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gurb cúinsí eisceachtúla a ba chúis leis na híocaíochtaí seo ar mhaithe le liostaí feithimh d'ionscópacht ar an drólanna choimeád faoi smacht.

Bíodh is go raibh ceithre máinlia ag obair san ospidéal, is amhlaigh gur chlúdaigh an dochtúir áirithe seo, nár ainmníodh, obair na foirne iomlán ina aonar anuraidh.

Chiallaigh sé seo gurb é an t-aon dochtúir comhairleach a bhí ar dualgas é in ospidéal ina bhfuil aonad éigeandála 24/7.